Is beag liom grá / atá éasca péasca
Is fearr liom duine / atá stuama suimiúil
Tán saol seo róghearr / don saobhghrá
Tuigim gur gá / rith uaidh sin go brách
curfá:
Ní mór dó bheith / foirfe
Is caithfidh sé bheith / fiúntach, yea
Más leor le go leor an rud bréagach mar stór
Is fearr liomsa dílseacht ná hór,
Ní mór dó bheith / yea / foirfe
Tán t-aos óg somheallta / is tá siad saonta
scaoileann a gcroíthe / ar nós na gaoithe.
Bhuel, bhí mise tráth / i móinsín mná
Ach tiocfaidh mo lá / Aimseoidh mé mo ghrá
curfá: Ní mór dó ....
Tán t-aos óg somheallta / is tá siad saonta
scaoileann a gcroíthe / ar nós na gaoithe
Bhuel, bhí mise tráth / i móinsín mná
Ach tiocfaidh mo lá / Aimseoidh mé mo ghrá
curfá: Ní mór dó ....
Ní mór dó bheith / fiúntach, ní mór dó bheith / foirfe